Monday, January 04, 2010

Plean na Colóime: Tá an Cholóim nasc-ghafa leis na Stáit Aonaithe anois agus tá seach-chogadh in ndán do mhuintir na Veiniséala.



¿Tiene algún sentido que el gobierno de Estados Unidos invierta tiempo y dinero en construir bases militares en Colombia para imponer a nuestros pueblos su odiosa tiranía? Por ese camino, si un desastre amenaza al mundo, un desastre mayor y más rápido amenaza al imperio, y todo sería consecuencia del mismo sistema de explotación y saqueo del planeta. Fidel Castro

Nuair a vótáil muintir na Veinséala Hugo Chavez mar uachtarán na tire i 1998 , d’athraigh polaitíocht agus eacnamaíocht na tíre go radacach don chéad uair ó neamhspleáchas na Colóime Mhóir i 1820. Ba mhór an dóchas a mhothaigh muintir na Veiniséala ar an lá sin. Is tír fhíorbhocht í Veiniséala; tá morchuid na ndaoine gan dídean, gan oideachas, gan dóchas ar an taobh amhain agus olagarchacht bhrúidiúlach fhíorshaibhir ar an taobh eile gan aon chomhbhá leis an mórchuid bhocht. Choinnigh an olagarchacht saibhris na tíre ina lámha fein agus faigheann siad gach tacaíocht sheasta ó Washington chun a gcumhacht a choinnéal.

Cé go ndearna an CIA iarracht eile deireadh a chur le daonlathas sa Veiniséala leis an coup d’état i 2002, nuair a tháinig an pobal amach ins na sráideanna chun léirsiú ollmhór a dhéanamh i gcoinne na faisistithe, bhí bua tábhachtach, stairiúl ag na Chavistas. Ó shin i leith, tá geilleagar na Veiniséala ag dul o neart go neart. Ach le 95% de mheán cumarsáide sa tír ag an olagarchacht, beidh sé fíordheacair do Chavez an cogadh inmheánach leis an olagarchacht chomh maith leis an gcogadh atá a teacht in gcoinne Colóime a bhuachaint. Ach más féidir leis chomhobair a dhéanamh le Fuerzas Armadas Revolutionarias de Colombia(FARC) bhféidir go bhfuil seans acu na faisistithe a ruigeadh.

Ina ‘reflexiones’ suas luaite, altanna a scríobhann Fidel Castro faoi cúrsaí reatha, dúirt sé go bhfuil an Cholóim nasc-gafe leis na Stáit Aonaithe anois. Shínigh rialtas na Colóime conradh mileata nua le Washington le déanaí chun seacht bunáite nua mileata a bhunú sa tír. Má léann tú an conradh ‘Acuerdo complementario para la Cooperación y Asistencia Técnica en Defensa y Seguridad entre los gobiernos de Colombia y Estados Unidos ‘ is léir go bhfuil baol mór ann do mhuintir na Veiniséala ó nasc-ghabháil mheiricánach na Colóime.

Fáinne fí is ea é caipitleachas agus cogadh. San alt eile a scríobh Castro le déanaí, dúirt sé go scríosfaidh na faisithe sna Stáit Aonaithe Obama sa chéad olltoghchán eile agus cruthóidh siad leithscéal eile don chogadh domhanda. Ach dúirt sé chomh maith go bhfuil súil aige nach bhfuil sé sin fíor. Ar an taobh amháin aontaím le comradero Castro, ach measaim go bhfuil sé ró-dhéanach anois. Tá an cogoadh tarlaithe cheana féin. Beidh me ag dul go dtí an Veiniséala ar ball chun cabhrú leis an bpobal móruchtúil siúd ina thróid in gcoinne los gringos!



Gluais

Nasc-ghafa- annexed

Seach-chogadh-proxy war

Chomhbhá- sympathy.

Móruchtúil- courageous

‘Does it make any sense that the United States would spend time and money in building military bases in Columbia in order to impose on our people their odious tyranny. By this route, if a disaster threatens the world, a major disaster, the more the threat will be to the empire and all will be a consequence of the same system of exploitation and pillage of the planet’ . Castro

No comments: