Wednesday, March 05, 2008

Porqué no te callas? Cén fáth nach bhfuil Chavez cúin?
"Porque ne te callas?!" b'shin na focail a chualathas ar fud an idirlíon; ráiteas borb a d'eascair as argóint idir an Rí Juan Carlos na Spáinne agus Hugo Chavez, uachtarán de Venezuela sa Cruinniu Ibero-Mhearicánan mí na saimhna i 2007. Bhí díospóireacht maidir le polasaí na Spáinne comhlachtaí príomháideacha a chothú ar fud an réigúin faoi lánsheol nuair a bhriseadh an argóint amach. Ach nuair chuala muid morán faoi na chúiseanna a bhí taobh thiar den easaontas. Cuireadh an chuid béime ar iontas an lucht lanúna maidir le ráiteas an rí, agus anois tá na páipéirí spáinneacha ag caint faoi 'relationes dificiles' le rialtas de Chavez dá bharr. Ach ní raibh morán caint faoin díospóireacht ar chor ar bith. Níor bhain sé le stair de Mheiriceá Theas amháin ach le polasaithe eacnamaíochta príobháideacha a bhí freagrach de bhochtanas agus éadóchas ar fud na mór-roinne súid. Ach e sin ráite, ní raibh morán eolais againn ó na tuairiscí a fuair muid faoi céard go díreach a bhí i gceist ann. Bhí roinnt uachtaráin Mheiriceá Theas, daoine mar Evo Morales den Bholaiv, Carlos Lage de Cuba agus Daniel Ortega de Nicaragua agus iad ag maíomh gur ba chóir go mbeadh muster eacnamaíochta nua ann chun dul i ngleic le bearna ollmhór atá idir saibhir agus daibhir sa tír. Tá sé soléir dóibh gur scrios na comhlachtaí idirnáisiúnta alán tíortha ar fud Mheiriceá Theas nuair a cuireadh i bhfeidhm polasaithe eacnamaíochta nua-liobrálacha sna hochtaidí. Mar sin, ní raibh siad ach ag déanamh tagairt don réalachas mar a fheictear go forleathan imeasc a bpobal féin. Ach ní raibh Rí Juan Carlos sásta líomhaintí i gcoinne a hiar-chéad aire José Maria Aznar a chloisteál, mar tá sé aitheanta do gach éinne gur d'imir Aznar ról lárnach mar aire i ndeachtóireacht de Franco go dtí na seachtóidí. Thaobhaigh Aznar le coup d'etat a bheartaigh an CIA i Venezuela i 2002, agus ó shin i leith, mhaslaigh sé Chavez le gach deis a fuair sé, a rá go raibh Uachtarán de Venezuela ina chontúirt de dhaonlathas na tíre agus sé sin ó fhear díograiseach do dhéachtóireacht fhaistísteach na Spáinne! Nuair a tháinig sé os comhair chomissúin um ghnóthaí eachtracha sa Spáinn i 2004, dúirt an t-aire um ghnóthaí eachtracha Migel Angel Moratinos go raibh coup d'etat ann agus go fuair ambassadóir na Spáinne ordaithe ó Rialtas na Spáinne glacadh leis an coup agus tacaíocht a thabhairt dó. Níl amhras ach gur chuir sé sin isteach ar Rí na Spáinne. Theastaigh uaidh nach n-osclofaí an t-eolas sin os comhair an domhain. Fuair sé tacaíocht ó mheán cumarsáide an domhain nuair a chraol siad a ráiteas amháin gan trácht ar na fáthanna a bhí taobh thair de.
Tá cás na Venezuela ag cur isteach ar na Stáit Aontaithe os rud é go bhfuil plean forbartha náisiúnta acu chun neamspleáchas a bhaint amach ó 'Uncle Sam'. Mar sin, tuairisc ina dhiaidh tuairisc ón tír súid ag déanamh masla do Chavez. Rinne na Spáinnigh an rud céanna faoi stúirthóireacht de Aznar. Nuair a smaoinítear ar na tíortha eile sa Mheiriceá Theas atá ag baint neamhspleáchais amach óna Stáit Aontaithe is léir go bhfuil cinneál réabhlóid chúin ag tarlú ann. In ainneoin sin is uile, theip ar Chavez le déanaí bunreacht na tíre a athrú le go mbeadh sé mar uachtarán buan. Comhartha é sin go bhfuil bolscaireacht an daonlathais liobrálaigh ag bailliú nirt sa tír.Ach é sin ráite,níl aon freagair acu d' fadhbanna na tíre agus bheadh orthu Weltanschaunng go hiomlán difrúil ach éifeachtach do gach éinne ag an am céanna a thaispéaint do dhaoine dá éireoidh leis an 'oligarchy' an lámh in uachtar a fháil arís. Ach cén liobrálachas atá i gceist acu le sin i ndáiríre? Liobrálachas a choinnfidh an bhearna idir saibhir agus daibhir i bhfeidhm agus seanréimeas coilíneach a dhúiltíonn deiseanna do dhaoine bochta, alán bundúcasaigh ina measc. B'fhéidir go raibh ciall áirithe ag baint le ráiteas an rí: mas theastaíonn uait athruithe radacacha sóisialacha a chur i bhfeidhm, dún do bhéal! Ach tá tromlach na daoine ag cúlú le Chavez go fóill agus is iadsan a fhreagróidh an cheist sin ' porque no te callas'. Porque consequimos una revolution!
Gluais
díospóireacht
easaontas
dhaonlathas
díograiseach
bolscaireacht
bundúcasaigh

No comments: