Sunday, July 22, 2007

Ilghnéitheacht an ghrá: an scannán ‘Paris je t’aime’ sa Kino i gCorcaigh.




Cuireann sé isteach orm i gcónaí nuair a luaitear go bhfuil Páras ina chathair an ghrá a chiallódh go mbeadh substaint áirithe ag na Francaigh maidir le mothucháin, gean agus eros. Shil mé i gcónaí go raibh dóthain románsaíochta le fáil i mbeagnach gach tír, go mbraitheann sé ar an gcás ar leith. Mar sin, bhíos beagánín amhrasach faoin scannán nua ón bhFrainc ar na mallaibh darb ainm ‘Paris je t’aime’. Bhíos amhrasach nach mbeadh ach an cliché ceannean ceanna i gceist anseo arís. Mar i mo thuairim féin agus dar mó thaithi féin, níl na Francaigh románsúil ar chor ar bith. Ligeann siad orthu go bhfuil ach níl ann ach sotal agus bromuabhair i ndáiríre. É sin ráite, d’athraigh an scánnán seo mo mheon go han éasca. Is cnuasach gearscannáin atá i gceist anseo ó roinnt stiúrthóirí agus tá beagnach gach eagsúlacht, gach taobh den choincheap ghrá á taiscealadh acu. Is iad Walter Salles, Alfonso Cuaron, Tom Tykwer, Gus Van Sant, Wes Craven, Alexander Payne, Gurinder Chadhla agus Joel agus Ethan Coel na stiúrthóíri Tá gach gearscannán lonnaithe sa arrondissement éigin, le ocht déag in iomlán .Tagann an éagsúlacht chultúrtha agus éitneach sa bPáras amach go han éifeachtach chomh maith; feiceann tú lánúin de bhunadh aifreach; moslamaigh, chomh maith le daoine atá ag tabhairt cuairt i bPáras ar feadh tamaillín. Is petites vignettes simplí iad an chuid is mó de na gearrscanáin seo agus taiscealann siad na bealaí éagsúla a chuireann muid forrán ar a chéile sna mórchaithair, na eachraí neamhghnách a tharlaíonn go minic, mion-eachtraí agus timpistí uaireanta a athraíonn ár saol nuair a bhuaileann an coup de foudre muid agus titeann muid i ngrá.

Tá idir ghreann agus tragóid ins na scéaltaí seo agus caithfidh mé a adhmháil go raibh deoraí ag teacht orm níos mó ná uair amháin agus ní tharlaíonn sé sin go minic dom. An scéal faoi Aifriceánach a thiteann i ngrá le cailín a fheiceann sé i gcarchlos; is ceoldhráma beag tubaisteach álainn atá ann. Tá scéal eile faoi lánúin atá i ndólás tar éis bháis a mhic. Baineann an stiúrthóir usáid as an genre réalachais draíochta chun meascán mearaí samhlaíochta a mhic agus a n-intinn suaite féin a chur in iúl dúinn go truamhéalach.

Rud a thaitin go mór liom faoina scannáin seo ná go mbuaileann daoine le chéile ar na sráideanna an cuid is mó; ní chasann siad ar a chéile sna pubanna nó dioscós, nil aon alcól i gceist cosúil leis an tír seo. Oibríonn na scannáin go han-éifeachtach gan aon radharc gnéis freisin! Mar sin, tá macántacht dhaonúil ar leith sa scannán seo, rud a chuir i bhfeidhm orm; ach ar an taobh eile, taispeánann sé chomh maith cé chomh deacair is atá sé uaireanta chun casadh le daoine sa ville celibataire!

Bhí stiúrthóirí as na Stáit Aontaithe chomh maith le stiúrthóirí briontanacha a rinne chuid de na scannáin seo, agus bíonn béarla á labhairt go minic da bharr. Mar sin, is dócha go mbeadh suim in sna scannáin seo ar an dá thaobh na mara atlantaigh. Ní bheidh na Meiricánaigh róshásta lena láitheoireacht i roinnt scannáin áfach: feictear turasóirí ramhar ag dul timpeall le T-léine a rá ‘We are the World.’ Ach déanann gach stiúrthóir iarracht ilghnéitheacht an duine daonna a chur in iúl. Mar sin, bhraitheas níos mó bá ná scigaithris sa scannán deireannach faoi bhean ó na Stáit Aontaithe a thagann go Páras chun saol nua a bhaint amach tar éis bhriseadh a caidrimh le fear sa Denver. Tá an scannán sin lonnaithe sa Rive Gauche.Is Meiricánach tipicúil í; caitheann sí brógaí spóirt agus bríste gear agus mar sin de. Cloiseann muid í mar tráchtaire agus insíonn sí a scéal dúinn in bhFraincis le foclóir agus gramadach réasúnta maith ach le cánúint mheiricánach. Cé go bhfuair alán daoine é sin an-ghreannmhar, measaim féin go raibh na stiúrthóirí ag iarraidh a mhalairt a thaispeáint chomh maith. Céard atá mícheart le cánúint mheiricánach? Bhí a teanga an-sholéir; nach labhraíonn chuid is mó de na Francaigh béarla le cánúint uafásach? Ar ndóigh, labhraíonn na Francaigh béarla léi agus sin an fhadhb sa domhan faoi láthair go ndúiltíonn an-chuid daoine sa Mhór-Roinn a dteangacha a labhairt linn; bfhearr leo a gcuid Béarla a chleachtadh agus ansin deireann siad go sotalach nach féidir linn a dteangacha a labhairt in aon chor! Níl aon amhras ach go bhfuair siad aisteoir den scoth don ról sa ghearrscannán seo. Tagann a daonnacht álainn, a fulaingt amach ach a brionglóidí agus a jeu d’espris freisin, ionas go chuireann sé gréim ar do chroí. Cé nach bhfuil grá ina saol deireann an bhean gur thit sí i ngrá le Páras agus gur thit Páras i ngrá léi. Do nóiméad bheag sa camera oscura thit mise i ngrá leis an bhean sin freisin mar chomhartha de uile-bhean a fhulaingíonn ar an domhan aonar seo. Ní fheicfidh muid scannán mar sin arís sar i bhfad.

Gluais / Glossary

  • Luaitear - it is mentioned
  • Amhrasach - suspicious
  • sotal agus bromuabhair - arrogance and haughtiness
  • taiscealadh - to explore
  • titeann muid i ngrá- we fall in love
  • macántacht dhaonúil - humane honesty
  • ilghnéitheacht- multi-faceted
  • scigaithris - satire, lampoon
  • mar chomhartha de uile-bhean a fhulaingíonn – as a symbol of every woman who suffers

No comments: