Sunday, April 01, 2007

Dialann na hainnise

On entre, on crie, c’est la vie,
on crie on sort, c’est la mort’
Racine


Tá mó tríocha bliain ag teannadh liom. Ó shroich mé fichiu is a haon bliain d’aois níor theastainn uaim aon cheilúradh a dhéanamh ar mó bhreithlá. Ba scéal eile é nuair a bhí mé i luisne na hóige is mé ag tnúth leis an tsaoirse a bhainfinn as a bheith níos sine. Ach níl aon chúis a bheith dearfach faoin athrú ama. Tagann an saol, tagann an bás; idir an dá linn tá a lán streachailt agus fulaingt le cur suas leis sular dtéimid ar shlí na fírinne. Sin sin. Nílim a rá nach bhfuil suairceas ar bith ann. Faigheann muid suairceas mar shampla, nuair a dhéanaimid chomhriachtain don nóiméad beag bídeach, b’fhéidir, nó ag éisteacht le ceol cumhachtach drámatúil cosúil le Wagner nó Mahler, más féidir linn ‘suairceas’ a thabhairt ar an gcinéal soláis a fhaigheann muid as Liebestod nó Das Klagande Leid!

Nach mbeadh an bréag a dheireann beagnach gach sagart de gach reiligúin agus a thugann siad ‘flaitheas’ air, nach mbeadh sé sin cosúil le bheith ag bualadh craiceann le Kyle Minogue , ag togáil coicain is ag éisteacht le Ride of the ‘ValKylies’ ag an am céanna don chéad uair? Agus mhairfeadh sé de shíoraí de shíoraí! De de de dah dah de de de dah dah de de de daaaaaaaaaaah! Ní bheadh aon post-coitus, nó aon adagio níos mó, just súnas síoraíoch, allegro fortissimo! Agus má tá sé cosúil le sin, cén fáth nach gcuireann muid deireadh lenár saol anois agus ar aghaidh linn go dtí na Kylies dár mbrionglóidí! A consumation devoutly to be wished? Ní hea, tiocfaidh an adagio ar ais agus an iarchollaíocht leis!

Ní he go bhfuilim dolásach faoi dheireadh mó hóige, is ró-mhinic a shileann muid go mba am úr shimplí neamhurchóideach í ár n-óige ach nach raibh buairt is sceon is nausea céanna againne ag an am sin nuair a thosaigh muid ag foghlaim faoi na rialacha neamhchiallmhare den domhan mór seo? Cén fáth go shileann muid deor is screadeann muid nuair a bhreitheann muid? When we are born we cry that we are come to this stage of fools arsa Lear an Rí. Cé chomh minic is a chaoineann páistí nuair a thugann siad faoi ndeara nach gclíonn an domhan lena réamhchoincheap, agus cé nach dtugaimid aon luach ar a gcaoineadh neamhchiallmhar súid, tá a bpian chomh scéinúil sin is a bheidh sé i rith a shaol ach le athrú amháin; le himeacht ama beidh siad ábalta réasunú agus beidh an fhulaingt níos mó dá bharr.


Ní mór dom a admháil anseo nach bhfuil aon saíocht nó fealsúnacht bailithe agam go fóill as mó thuras tríd an domhan. Agus tá fhios agam freisin go bhfuilim an eoraip-lárnaithe i mo dhearcadh. B’fhéidir ba chóir dom turas fada a dheánamh anois i bhfad siar ó theorainn na hEorpa. Uaireannta is turas fada an saol, scaití is turas beag é. Ach taisteálann gach duine ina haonar le ticéad aon-bhealach chuig an bás. É sin ráite ní féidir a shéanadh go gcaithfidh muid glacadh go bhféadfadh ár shaol a bheith i bhfad níos measa agus níos measa fós. Muna gcuirim isteach orainn le mó headóchas, tagróidh mé do Shakespeare arís.
Better thus and known to be contem’d,
To be the lowest and most dejected thing of fortune,
Stand still in esperance, lose not in fear
The lamentable change is from the best
The worst returns to laughter.
The wretch that thou has blown unto the worst
Owes nothing to thy blasts.

Ní bheidh aon chóisir agam ar son mó bhreithlá. Beidh faoiseamh éigin agam agus an solás go bhféadfadh gach rud a bheith níos measa. ‘ but whose can say I’m at the worst, I’m worst than ere I was and worse I may be yet, the worst is not so long as we can say “this is the worst”. Agus ar ndóigh ní bheidh muid in ann é sin a rá sular stopann an traein cibé áit cibé am.

No comments: