Sunday, January 28, 2007

TG4 mar Teilfís na hEorpa: An bhfuil rogha eile ann d’aonghnéitheacht, aonteangachas? ( Gearóid O Colmáin)

Óm sceol ar ardmhagh Fáil ní chodlaim óiche
‘s do bhreoigh ga bráth mé dála a pobail dílís;
gé rófhada atáid ‘na bfhál ré broscar bíobha,
fá dheoidh gur fhás a lán den chogal tríothu.
‘Om Sceol Ar Ardmhagh Fáil’

Séathrún Céitinn



Céard a cheapfadh Seathrún Céitinn dá n-amharcfadh sé ar ‘ardhmhagh fáil’, ar Éirinn inniú? Ó bhuníodh an saorstát i 1922, theastaigh ó na húdarais fuireach ó gach rud coimhíoch, gach rud a gcruthódh easaontas tríd díospóireacht a ghríosú i measc na ndaoine. An bhfuil sé sa chiall sin gur chóir dúinnn ‘broscar bíobha’ de Sheathrún Céitinn a thuiscint, nó an bhfuil brúscar ar leith i gceist anseo? Céard é bunús den bhrúscar din, cárbh as dó agus an bhfuil aon chaoi inar féidir linn fáil réidh leis?

Bhí mé ag féachaint ar an teilfís aréir, ag dul ó stáisiún go stáisiún ag iarraidh rud éigin súimiúil a aimsiú. Níl sé éasca sa lá atá inniu ann. An rogha a bhí agam ná clár meiricánach nó clár ceanann céanna méiricánach eile! Fiú amháin I TG4? Fiú amháin I TG4. sea, fiú amháin I TG4! Is ea an consensus communis faoi láthair ná go gcaithfidh tú an seafóíd sin a chraoladh má theastaíonn uait go leor airgead a bhailliú chun do stáisúin a choinnéal beo. Níl aon dabht ach go bhfuil an ‘seafóídeacht’ de chultúr na hÉorpa tar éis tarlú le teilfís réaltach ag dul o neart go neart. Ach má fhéachann tú ar Arte nó TV5, tá I bhfad níos mó chultúr agus níos lú de ‘bhroscar bíobha’ ó na Stáit Aontaithe, bolscaireacht de chultúr agus de shocaí atá fíordhifriúil den chultúr atá againne san Eoraip. An bhfuil alán den chogal sin ag fás tríd ár gcultúir éagsúla faoi láthair? Níl aon amhras ach go bhfuil. Agus is cúis imní í do gach éinne agus ní amháin sa tír seo, ach don Eoraip ar fad, cé go bhfuil an fhadhb is mó sa tír seo.

O bhunaídh TG4 deich mbliain ó shin, tá sé tar éis clú agus cáil a bhaint amach mar staisúin chultúrtha inar féidir linn cláracha faisnéise, cláracha intleachtúla den chéad rang a fheiceáil. Beidh an stáisúin neamhspleách an bhliain seo. Tá suil agam go mbeidís in ann níos mó chultúr a chraoladh agus níos lú brúscar. Ba chóir go gcraolfaidís níos mó chláracha i dteangacha éagsúla, níos mó ilteangachas, gan a bheith ró féin-lárnaithe. Má tá rud ar leith á cháineadh faoin gcultúr gaelach sa tír seo, is ea go bhfuil an iomarca Gaelgeoirí ag caint faoin nGaeilge, faoin nGaeltacht, ag caint futhú féin. Níl aon leighis don circle viceux ach ár dtreoir intinne a leathnú amach fad fad na hEorpa, mar i bhfírinne, is sa Mhór-róinn atá tuiscint agus bá maidir le cultúr agus oidhreacht le fáil. Mar sin, ba choir an ‘broscar bíobha’ a lúann Céitinn a thuiscint i gchomhthéacs den chaoi inar bhfuilimid ag brath ar chultúr Sasanach-meiricánach amháin, agus ár meon sáinnithe ina Weltanschaunng cúng frithintleachtúil. Ergo, mholfainn dá gcraolfaidís cláracha i bPolainnis, i Laitvís, i Liotuáinis agus mar sin de. Dá bhrí sin, béimid in ann muid féin a lonnú i gchomhthéacs oiriúnach dúinn mar phobal mionlach na hEorpa, atá níos cosúla do mhuintir na Seice, nó mhuintir na Laitve ná d’Éireann mar a tá sí faoi láthair is í gan teanga agus féinthuiscint.

Gluais

At the news from Fál’s high plain I cannot sleep.
I am sick till doom at the plight of its faithful folk.
Long have they stood as a hedge against hostile trash
But a lot of cockle has grown up through them at last.

dá n-amharcfadh sé- if he were to view
theastaigh ó na húdarais- the authorities
coimhíoch- foreign, exotic.
easaontas- dissension
a aimsiú- to find
seafóídeacht- stultification, dumbing down
ilteangachas- multilingualism
ár dtreoir intinne- our mental direction
Mhór-róinn- the continent
Weltanschaunng cúng frithintleachtúil- narrow, anti- intellectual worldview.

No comments: