Sunday, January 28, 2007

Impireacht mhéiriceá: Cinniúint sholéir nó tragóid dhomhanda?

Tagann na pictúirí uasfásacha ar an scaileán beagnach gach lá faoi láthair ach ní thugtar aire dóibh a thuilleadh. Táimid clóite leis na tuairiscí faoi ionsaí sceimhlitheoireachta. Eiríonn muid bréan den scéal anniseach céanna gan stad gan staonadh ón tír mhíámharach súid darb ainm An Iaráic. Tír báite i bhforéigean, scriosta le coimhlint inmheánach. An Iaráic, cliabhán na sibhíaltachta anallód, blár na n-ainghníomha sa lá atá inniu ann. Óna firicí atá acu faoin gcogadh súid atá siad á chailliúnt, dealródh sé craicáilte go mbeidís chun níos mó trupaí a sheoladh chun na réigiún, ach is é sin atá ar intinn ag Uachtarán Bush anois cé go bhfuil easaontas á taispeáint sa Washington i measc na seanadóirí eile. Ní he sin amháin atá á chur isteach ar pholaiteoirí agus ghníomhaithe frithchogaidh araon, áfach, tá raflaí ag bailliu nirt le fada an lá go bhfuil sé ar intinn ag Bush agus a chomhrádaithe sa tionscnamh ‘New American Century’ ionsaí a dhéanamh ar Iaráin chomh maith. An bhfuil an t-uachtarán as a mheabhar? An bhfuil muid ag caint faoi Caligula nó Nero eile anseo? Cen casus belli bréagach, cén bholscaireacht bhithiúnta a gcruthofar chun dullamullóg a chur ar mhuintir mheiriceá go bhfuil iomghábh ann maidir le hIaráin?

Ach má fhéachann tú ar chursaí i bPalestín atá ag dul in olc, na hionsaithe a rinne Na Stáit Aontaithe sa tSomáile ar na mallaibh agus an tsainn gheopholaitíoch inar mhaireann An Mheán Oirthear faoi láthair, is soléir go bhfuil siad gafa i straitéis mharfach, tollán ciamhar gan slí amach. Bheadh slí amach acu dá mbéidís stuama agus ciallmhar go leor a admháil gur ndearna siad botúin mhillteanach, botúin a chosnóidh i bhfad níos mó ná trí trillúin dollar do gheilleagar meiricánach dár le foinsí áirithe. Tá cás Bush cosúil le Macbeth sa chaoi sin agus bhféidir go bhfhéadfadh sé a rá anois

‘ For mine own good all causes shall give way: I am in blood stepp’d so far, that, should I wade no more, returning were as tedious as go o’er.

Dár ndóigh, níl an t-uachtarán Bush cosúil le Macbeth o thaobh treithe de. Ní raibh sé ina throdaí fíochmhar riamh, níl sé cróga nó éirimiúil agus ní raibh morán treithe maithe aige ach an oiread. Ní hé Bush atá traigóideach i gcás seo ach a híobartaigh sa Mheán Oirthear. Ach tá forsaí na Stát Aontaithe sáinnithe san ‘aporia’(Gréagis- gan slí) polaitaíochta anois agus léiríonn sé an aporia dá n-ideolaíochta i gcoitinne a tá ag brath go hiomlán ar ola agus chogadh seasta.

Ag fanacht le tagairt Shakepeare, tá comharthaí láidir ann go bhfuil Tony Blair nó mutatis mutandis Lady Macbeth, ag taispéaint iomlua meanman scéiniúl chomh maith. Bhí sé in absentia nuair a phléigh siad an cogadh sa Dáil Shasana le déanaí. B’shin an chéad uair ó rinne siad an chinneadh tubaisteach cogadh a fhearadh ar Iaráic, go raibh díospóireacht chuimsitheach faoin gcoimhlint i nDáil Shasana. Le slad mór tubaisteach ar fud na sráideanna agus íorghal dhochríochnaithe, fhíochmhar ag leathnú ar fud fad na hIaráice agus Afghanistan, is léir nach bhfuil fonn ar Blair dul i ngleic leis na fadhbanna a thuilleadh. Tá snua an éadóchais air anois. D’fhéadfaí a áiteamh go mhacallaíonn a hiompar sáinn de Lady Macbeth, nuair a d’fhoghlaim sí an ceacht arnaidh faoin bhforéigean
‘nought’s had, all’s spent,
where our desire is got without content;
tis safer to be that which we destroy
than by destruction dwell in doubtful joy.’

Ní féidir a thuar céard a tharlóidh sa Mheán Oirthear anois. Ach is léir go bhfuil Na Stáit Aontaithe ag druidim deiridh a chumhacht dhomhanda. Tá siad ró-sínithe ar fud an domhain faoi láthair chun bheith in ann cobhsaíocht nó Pax Americana a bhunú. Agus le forbairt eagnamaíochta agus polaitaíochta an tSín, is ceist ama í sular gcailleann siad a n-inniúlacht mhíleata de bharr easpa airgid agus easaontais sa mbaile. Iomorra, b’fhéidir an lá a fhoghlaimíonn siad a ceacht thuas luaite, béidh deireadh curtha le tromluí meiricánach agus tús úrnua arís den bhrionglóid


Gluais:

Cinniúint sholéir nó tragóid dhomhanda- manifest destiny or global tragedy
ionsaí sceimhlitheoireachta- terrorist attacks
coimhlint inmheánach- internal conflict
cliabhán na sibhíaltachta- cradle of civilisation
blár na n-ainghníomha- field of atrocities
dealródh sé- it would appear
easaontas- dissension
bholscaireacht bhithiúnta- nefarious propaganda
iomghábh- great danger
ghníomhaithe frithchogaidh- anti-war activists
raflaí ag bailliu nirt- rumour gathering strength
ar na mallaibh- recently
tionscnamh- project
ag dul in olc- getting worse
stuama- prudent
dár le foinsí áirithe- according to certain sources
ag brath go hiomlán ar ola agus chogadh seasta. – depending completely on oil and permanent war
iomlua meanman- mental agitation
íorghal- fighting, combat
ceacht arnaidh- hard, severe lesson
cumhacht domhanda- global power, planetary potentate
ró sínithe- over stretched
inniúlacht mhileata- military competence
Iomorra- indeed, moreover
Tromluí- nightmare
Bhrionglóid- dream

No comments: