Monday, December 04, 2006

Nicaearagua: cad is brí le bán dearg?

Nicaearagua: cad is brí le bán dearg?

Féachann Gearóid Ó Colmáin ar eachtraí i Nicearagua


Bhí siad le feiscint I ngach áit ar fud na tíre roimh olltoghcáin I Nicaearagua an mhí seo caite: bratacha bándearga a d’fhógair tosnú nua don tír fhírbhocht ainniseach. Tar éis bliainta faoi scáth réime nua-liobrálaí de Bolanos, tháinig an ‘Frente Sandinista de Liberatión Nataional’ nó na ‘Sandinistas’ mar a thugtar orthu, I gcumhacht arís. B’fhéidir nach bhfuil an fhuinneamh chéanna aige is a bhí fadó, b’fhéidir go bhfuil sé tar éis athsmaoineamh a dhéanamh ar a fhealsúnacht Marxach-Leinineach, ach tá Daniel Ortega ar ais le tacaíocht na ndaoine. Ach céard faoi ‘ la revolution roja’?, céard a chaillaíonn bán dearg? Is cinnte go bhfuil réabhlóid ag scaipeadh ar fud fad an Mheiriceá Theas, ach an bhfuil claochlú tar éis teacht ar na Sandinistas, nó an bhfuil an chomhartha bándearg stáitéis chliste chun athmhuintearas a cothú sa tír scaoilte le coimhlint stairiúil? Ní féidir a rá ag an bpointe seo, ach cosúil le cás sa Venezuela, ardaíonn ar ndóchas go ndéanfar na hathruithe tábhachtacha chun dul I ngleic leis an mbochtanas agus an mí-cobhsaíocht, constaic is mó do dhul chun cinn an Nicaearagua.



Ní féidir tuiscint chimsitheach a fháil ar chúrsaí Nicearagua gan í a chur i gcomhthéasc a shean-chomharsana, na Stáit Aontaithe. Ó tháinig trúpaí na Stáit Aontaithe go dtí Nicearagua i 1914 chun gréim a fháil ar achmhainn na tíre, bhí coimhlint idir gá na ndaoine i Nicearagua agus suim ghnóthach na mór-chomhlachtaí ó thuaigh. Ach tháinig fear réabhlóideach darb ainm Augusto César Sandino ar an stáitse pholaitiúil I 1927 agus lasraigh sé tine nach mhúchtaí aon fhréasúra go deo. Chuir sé ruaig ar na Stáit Aontaithe I 1933. Ach bunaíoch an ‘Guarda National’ míliste dílseach do Washington agus cuireadh Aastasion Somoza Garcia I gcumhacht. Ar dtús, bhí comhaontú go mbeadh cineál ‘triumvirate’ ann le Somoza, Sandino agus Sacasa, ach nuair a mharaíodh an ‘Garda Náisiúnta’ Sandino I 1934, ní raibh aon chonstaic i dtreo Somoza. Bhunaigh sé ríora a mhairfeadh go dtí 1979, ríora bunaithe ar ghadaíocht, lofacht, agus dúshaothrú na ndaoine. Cuireadh cosc ar shaoirse chainte agus choinnigh Somoza agus an Garda Náisiúnta gréim láidir ar achmhainne na tíre. Bhí an ríora de Somoza chomh raidhsúil , bhí suas le 20 ceatadán d’achmhainn na Nicearagua I seilbh dá mhac Somoza Dabayle sna seachtaidí. Lean na Stáit Aontaithe ag íoc na millúin dollar don chlann Somoza ionas go mbéidís toillteanneach de pholasaí gnó meiricáneach sa cheantar. Rinne comhlacht mheiricáneach darb ainm ‘ Nicaraguan Longleaf Pine Company’ fásach as oirthear na tíre, agus bhí ar na feirmeoirí an talamh a fhágáil agus talamh a lorg dóibh féin san fhorais. Thóg ‘Ranchers’ an talamh agus sna seachtaidí bhí Nicearagua an soláthróir is mó de mhairteoil do na Stáit Aontaithe. Agus bhí na ‘Estados Unidos an t-onnmhaireoir is mó de ‘pesticide’do Nicearagua.DDT, endrin, diredrin agus lindane, substaintí a nach raibh ceadaithe sna Stáit Aontaithe, scaipeadh iad ar fud fad Nicearagua.


Ach mhair spiorad Sandinista. Nuair a thárla crith talún I Manauga I 1977, d’eirigh an phobal I gcoinne Somoza mar gheall ar a ghadaíocht den airgid a fuair an tír on gcumann idirnáisiúnta. Fuair na Sandinistas tacaíocht ón Aontas Soivéadeach agus Cuba. D’éirigh sáinn na tíre I bhfad níos meas le teacht I gcumhacht de Ronald Reagan I 1980. Cabhraigh sé na ‘Contras’ le gunnaí agus airgead. Rinneadh ainghníomhaí mhillteanacha dá bharr. Le teacht ar ais Ortega, tá comhartha suntasach á taispeáint do Washinton. Beidh sé suimúil a fháil amach cé chomh rathúil is a bheidh siad ina n-iarrachtaí cothrom na féine a chur I bhfeidhm. An bhfuil muid chun réabhlóid bándearg a fheiscint seachas dearg? Agus céard a chaillóidh sé sin?

Gluais

le feiscint i ngach áit- to be seen in every place

d’fhógair sé- he announced

faoi scáth – under the shadow.

Cumhacht- power

Athsmaoineamh- rethink

Fealsúnacht- philosophy

céard a chaillaíonn –what does it mean

réabhlóid ag scaipeadh- to spread revolution

tacaíocht na ndaoine- support of the people

athmhuintearas- reconciliation

scaoilte le coimhlint stairiúil- split with historical conflict

ardaíonn ar ndóchas- our hope rises

dul i ngleic- grapple with

constaic is mó – the biggest obstacle

achmhainn na tíre – the resources of the country

mór-chomhlachtaí- the big companies

míliste dílseach- loyal militia

ríora bunaithe ar ghadaíocht, lofacht, agus dúshaothrú na ndaoine- dynasty based on theft, corruption and exploitation of the people

crith talún – earth quake

comhartha suntasach – major symbol

rathúil- successful

cothrom na féine- equality.

No comments: